An Ghaeilge Bheo

Nuachtlitir    13/05/2022

Imeachtaí i rith na Bealtaine 2022

Beidh neart ar siúl i rith Mhí na Bealtaine, idir imeachtaí fisicúla & imeachtaí fíorúla agus beidh fáilte romhaibh a bheith linn! 

Seo thíos an chéad dhá cheann a bheidh inár gcontae féin - "Luimneach na Lochlannach". Tuilleadh eolais ar fáil faoi anseo

na himeachtaí eile á fhógairt thíos.

Más maith leat teacht le chéile le foghlaimeoirí/Gaeilgeoirí eile go háitiúil bí i dteangmháil le hÉilín (Aileen) - Oifigeach Gaeilge Pheil na mBan, Pailís Ghréine 0868349988



Bígí linn i gCathair Luimnigh ag 11am  i bPáirc Ché Artúir le haghaidh comhrá agus craic.

Fáilte roimh cách - idir óg agus aosta.


An mbeidh sibh linn?

 

Beidh Lá Mór na Gaeilge ar siúl i mBÁC ar an Domhnach 1 Bealtaine. Má tá tú i mBÁC, buail isteach. Beidh neart ann do theaghlaigh agus daoine ar gach aon aois. Gach eolas anseo: https://dublin.ie/whats-on/listings/la-mor-na-gaeilge/ 

Códúchán & Cluichí Ríomhaire

Bíonn deiseanna rialta ann do pháistí atá spéis acu i gcluichí ríomhaire & códúcháin teacht le chéile trí Ghaeilge ar líne. Gach eolas ó padraig@glornangael.ie faoi Inár Measc & Riosca nó  cabrini@glornangael.ie faoin gClub Códúcháin.