An Ghaeilge Bheo
Imeachtaí i rith na Bealtaine 2022
Beidh neart ar siúl i rith Mhí na Bealtaine, idir imeachtaí fisicúla & imeachtaí fíorúla agus beidh fáilte romhaibh a bheith linn!
Seo thíos an chéad dhá cheann a bheidh inár gcontae féin - "Luimneach na Lochlannach". Tuilleadh eolais ar fáil faoi anseo.
Tá na himeachtaí eile á fhógairt thíos.
Más maith leat teacht le chéile le foghlaimeoirí/Gaeilgeoirí eile go háitiúil bí i dteangmháil le hÉilín (Aileen) - Oifigeach Gaeilge Pheil na mBan, Pailís Ghréine 0868349988
Bígí linn i gCathair Luimnigh ag 11am i bPáirc Ché Artúir le haghaidh comhrá agus craic.
Fáilte roimh cách - idir óg agus aosta.
An mbeidh sibh linn?
1 Bealtaine - Teacht le Chéile agus Spraoi 11
1 Bealtaine - Lá mór na Gaeilge, Cearnóg Pharnell Thuaidh, BÁC
2 Bealtaine - "Luimneach na Lochlannach" 11a.m.-3.30 i.n. Coláiste Mungarait
3 Bealtaine - Rannta le Chéile i nDún Garbhán (seisiún 1) @ 10:30
3 Bealtaine - Rannta le Chéile i nDún Garbhán (seisiún @ 11:10
3 Bealtaine - Caife agus Comhluadar ar líne @ 12:30
7 Bealtaine - Spraoi le Chéile, Leabhralann DLR Lexicon, BÁC @ 14:00
9 Bealtaine - Caife agus Comhluadar ar líne @ 11:00
10 Bealtaine - Rannta le Chéile i nDún Garbhán (seisiún 1) @ 10:30
10 Bealtaine - Rannta le Chéile i nDún Garbhán (seisiún 2) @ 11:10
11 Bealtaine - Club Códacháin ar line @ 18:30
14 Bealtaine - Maidin Scéalaíochta i gCorcaigh @ 11:00
15 Bealtaine - Craic i gClara Lara, Cill Mhaintáin, do Theaghlaigh @ 13:00
16 Bealtaine - Caife agus Comhluadar ar líne @ 11:00
17 Bealtaine - Rannta le Chéile i nDún Garbhán (seisiún 1) @ 10:30
17 Bealtaine - Rannta le Chéile i nDún Garbhán (seisiún 2) @ 11:10
18 Bealtaine - Cumann Garraíodóireachta Grúpa 2 @17:30
23 Bealtaine - Caife agus Comhluadar ar líne @ 11:00
23 Bealtaine - Inár Measc ar líne @ 17:30
Beidh Lá Mór na Gaeilge ar siúl i mBÁC ar an Domhnach 1 Bealtaine. Má tá tú i mBÁC, buail isteach. Beidh neart ann do theaghlaigh agus daoine ar gach aon aois. Gach eolas anseo: https://dublin.ie/whats-on/listings/la-mor-na-gaeilge/
Códúchán & Cluichí Ríomhaire
Bíonn deiseanna rialta ann do pháistí atá spéis acu i gcluichí ríomhaire & códúcháin teacht le chéile trí Ghaeilge ar líne. Gach eolas ó padraig@glornangael.ie faoi Inár Measc & Riosca nó cabrini@glornangael.ie faoin gClub Códúcháin.